Dearc suas as do chionn ר chífe tu an ghrian, reanna nimhe, ר na dúile go huile a’ dubhughadh ר a’ dorchughadh le cumhaigh, gruaim, ר tuirse le linn bháis ר pháis Chriosda. Amhairc fud air a’ talamh, air na cnuic, ר air na sléibhte; ata basmairt agas boill chriotha orra ag caoineadh na páise aniodh. Seanmónta Chúige Uladh
Casadh Críost dom i nGleann Cholm Cille;
Bhí sé ag ól pionta tigh Biddy’s san oíche
I ndiaidh an lá a chaitheamh ag teagasc
Siúinéireachta agus ag siúl na sléibhte.
Bheannaigh sé dom i nGaeilge na Mumhan:
“Conas tánn tú, a gharsúin?”
Rinne mise iontas de gur Gaolainn
Agus chan Gaedhlig a bhí ag Críost:
“An bhfuil na boicht linn i gcónaí?
An bhfuil gorta agus turadh fós ar domhan?”
Ach ní raibh mise ag éisteacht Leis níos mó;
Bhí Críost ag caint liom sa chanúint chontráilte.
I met Christ in Glencolumbkille;
He was drinking a night-time pint in Biddy’s
Having spent the day teaching
Carpentry and walking the mountains.
He greeted me in Munster Irish:
“Conas tánn tú, a gharsúin?”
I was astounded that Christ spoke
Munster Irish and not Ulster Irish.
“Are the poor still with us?
Is there famine and drought in the world?”
But I was no longer listening to Him;
Christ was talking to me in the wrong dialect.